ON
← Back to feed
IrelandHealth5 days ago

‘Is treise tuath ná tiarna!’

The article discusses historical land reforms in Ireland, focusing on the efforts of figures like Charles Stewart Parnell and Michael Davitt to achieve 'equal rights, fair trade, and security of tenure' for tenants. It mentions the formation of land leagues and resistance against landlords and landlords' agents through legal means. The British government was perceived as favoring landlords over tenants. Between 1750 and 1860, many people from the Scottish Highlands moved to Ireland to settle on larger farms. The article also references Lord Francis Napier, who led the Napier Commission, and a

Sa dara leath den naoú haois déag, leathnaigh corraíl faoi chúrsaí talún ar fud na hÉireann. Agus ceannairí carasmatacha amhail Charles Stewart Parnell agus Mícheál Dáibhéad ar thús cadhnaíochta, d’éiligh Conradh na Talún “cíos cothrom, ceart díol agus cinnteacht seilbhe” do thionóntaí na tíre.

D’fhreastail na mílte ar ollchruinnithe ar son athriar talúntais, eagraíodh stailceanna cíosa agus cuireadh i gcoinne iarrachtaí chun tionóntaí a chur as seilbh. Cé nach raibh an Conradh i bhfách le foréigean iomarcach, ní hannamh a d’eascair bagairtí agus babhtaí foréigin as díospóidí le tiarnaí talún agus le sáraitheoirí stailce.

Agus iad ar a ndícheall ag iarraidh dul i ngleic leis an imreas, is beag a shíl Rialtas na Breataine gur gearr go mbeadh siad ag tabhairt aghaidh ar thuilleadh corraíola ar an taobh eile de Shruth na Maoile.

Idir 1750 agus 1860, díbríodh na mílte daoine as Gàidhealtachd na hAlban chun spás a dhéanamh d’fheirmeacha móra caorach. Iad siúd nach ndeachaigh thar lear nó chun na mbailte móra, plódaíodh isteach ar an talamh ba bhoichte iad.

An Tiarna Francis Napier (1819-1898), a stiúraigh Coimisiún Napier. Grianghraf: Wikimedia Commons/National Galleries of Scotland

In 1877, thug cuid de mhuintir Bhaltos ar an Eilean Sgitheanach faoi stailc chíosa tar éis don tiarna talún, an Captaen Fraser, cíosanna a ardú. D’éirigh siad as nuair a bhagair Fraser iad a chur as seilbh, ach in 1880, atosaíodh an stailc.

Faoin am sin, agus Cogadh Thalún na hÉireann i mbéal an phobail agus an sóisialachas ag teacht i dtreise i mbailte na hAlban, bhí aird na tíre ar anchás na nGàidheal. Thosaigh nuachtáin ag gearán faoi ainchíosanna agus gheall eagraíochtaí éagsúla tacaíocht do phobal Bhaltos. Sa deireadh, b’éigean do Fraser géilleadh, agus laghdaíodh na cíosanna ionas go mbeadh siad beagnach mar a bhí siad.

Thug an bua beag sin misneach do na Gàidheil. An bhliain dár gcionn, mar ba nós leo, chaith roinnt d’fhir na n-oileán an samhradh ar an scadán in Éirinn, mar ar chuala siad faoina raibh ag titim amach anseo. D’fhill siad abhaile agus smaointe nua acu faoin neart a d’fhéadfadh a bheith acu dá gcuirfeadh siad le chéile.

Ag deireadh 1881, tosaíodh ar stailc chíosa eile i gceantar A’ Bhràighe ar an Eilean Sgitheanach. Bhí grúpa crochtóirí tar éis iarraidh ar an Tiarna Mac Domhnaill féarach ar Bheinn Lì a thabhairt ar ais dóibh – talamh a bhíodh mar fhéarach comhchoiteann tráth. Diúltú a rinne Mac Domhnaill dá n-iarratas, áfach, agus eagraíodh an stailc mar agóid in aghaidh a chinnidh.

Agus ciall cheannaithe acu ó imeachtaí na hÉireann, tuigeadh do Rialtas na Breataine gurbh éigean beart a dhéanamh. In 1883, eagraíodh coimisiún faoi stiúir an Tiarna Napier chun cás na gcrochtóirí a fhiosrú.

Nuair a fuair Mac Domhnaill gearán ó bheirt bhaintreach gur bagraíodh orthu toisc nach raibh siad toilteanach páirt a ghlacadh sa stailc, bhí sé ar buile, agus bheartaigh sé na cinn feadhna a chur as seilbh. Ach nuair a shroich an sirriam agus beirt fhinnéithe an baile chun na fógraí díshealbhaithe a sheachadadh, fuair siad scaifte naimhdeach rompu: chuir duine de na crochtóirí na fógraí trí thine (coir ar a dtugtar deforcement ) agus caitheadh cloch le duine de na finnéithe.

Seoladh péas ón mhórthír le lucht na bruíne a ghabháil agus tháinig siad aniar aduaidh ar na crochtóirí le ruathar i mbéal maidine. Mar sin – agus fir an bhaile fós ina luí – is ar na mná a thit sé an fód a sheasamh: rinne siad luíochán ar na póilíní agus iad ar a mbealach ar ais, ach i ndiaidh círéib fhíochmhar, d’éirigh leis na húdaráis na príosúnaigh a thabhairt go Port Rìgh.

Beinn Lì, an tEilean Sgitheanach, mar a raibh talamh féaraigh chomhchoiteann Grianghraf: Richard Dorrell/Wikimedia Commons

Cuireadh triail ar na crochtóirí in Inbhir Nis. Cé gur ciontaíodh iad sna cúiseanna seachas deforcement , bhí na pianbhreitheanna a fuair siad bog, agus léiríodh go leor tacaíochta dóibh sna nuachtáin agus i gcruinnithe sna bailte móra.

Ar ais ar an oileán, bhí an stailc fós ar siúl, bhí na crochtóirí tar éis a gcaoirigh a chur ar féar ar Bheinn Lì go neamhdhleathach agus bhí brú á chur ar Mac Domhnaill ag lucht tacaíochta na stailceoirí agus ag tiarnaí talún eile arbh eagla leo go leathnódh an trioblóid. Níor fágadh de rogha aige ach Beinn Lì a ligean ar cíos do na crochtóirí.

Tar éis an bhua sin, leathnaigh an chorraíl mar a bheadh falscaí ann. D’éirigh stailceanna cíosa, gabháil seilbhe neamhdhleathaí agus deforcement coitianta ar fud na Gàidhealtachd. Tharla corrchíréib eile, agus i mbailte áirithe, ardaíodh bratacha dearga mar chomhartha ceannairce.

Agus ciall cheannaithe acu ó imeachtaí na hÉireann, tuigeadh do Rialtas na Breataine gurbh éigean beart a dhéanamh. In 1883, eagraíodh coimisiún faoi stiúir an Tiarna Napier chun cás na gcrochtóirí a fhiosrú.

Thart ar an am chéanna, bunaíodh Dionnasg an Fhearainn (nó an Cumann um Athchóiriú Dlí Talún na Gàidhealtachd, ar ar tugadh Conradh na Talún ó 1886). Bhí an t-eagras bunaithe ar a leathbhreac sa tír seo ag…

Read the full article at The Irish Times

1 reports

The Irish TimesIndependent🔒Center5 days ago
‘Is treise tuath ná tiarna!’

The article discusses historical land reforms in Ireland, focusing on the efforts of figures like Charles Stewart Parnell and Michael Davitt to achieve 'equal rights, fair trade, and security of tenure' for tenants. It mentions the formation of land leagues and resistance against landlords and landlords' agents through legal means. The British government was perceived as favoring landlords over tenants. Between 1750 and 1860, many people from the Scottish Highlands moved to Ireland to settle on larger farms. The article also references Lord Francis Napier, who led the Napier Commission, and a

Bias read (Center): The article provides a factual account of historical events without overtly biased language or framing. It presents information objectively, discussing land reform movements and their impacts without taking a clear ideological stance.