Cuirfear tús le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar 1 Iúil.
An Ghaeilge ar iarraidh
Tá reachtaíocht ó 2003 ann a chinnteodh go mbeadh rogha Ghaeilge ar fáil d’fhoirmeacha a bheadh in úsáid ag iriseoirí chun creidiúnú – ach níl na treoirílínte éisithe ag Aire na Gaeltachta chun feidhm a thabhairt don fhoráil seo.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here )
CÉ GO BHFUIL go leor cainte déanta faoi chomh lárnach is a bheidh an Ghaeilge le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a thosnaíonn go luath, tá cáineadh láidir meallta ar rogha Ghaeilge bheith ar iarraidh do thuairisceoirí atá ag lorg creidiúnú chun a bheith obair anseo lena linn.
Is i mBéarla amháin atá an próiseas creidiúnaithe seo – an chéad teagmháil a bheidh ag iriseoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta le hUachtaránacht na hÉireann.
Tá fócas sa bhreis ar seo nó mar go bhfuil iriseoirí agus tuairisceoirí ó ar fud na cruinne ag clárú le haghaidh creidiúnas a fháil le bheith i láthair ag cruinnithe is ócáidí eile a bheidh á reáchtáil in Éirinn nuair a chuirfear tús le seal sé mhí na hÉireann sa ról seo ar 1 Iúil – agus ní féidir seo a dhéanamh trí Ghaeilge.
Dúirt Cynthia Ní Mhurchú, feisire Fhianna Fáil d’Éirinn Theas i bParlaimint na hEorpa, go raibh idir “díomá agus olc uirthi fé rogha na Gaeilge bheith ar iarraidh ón bpróiseas creidiúnaithe.”
Dúirt sí gur cheart an t-easnamh seo a chur ina cheart láithreach. “Táim ag dul i dteagmháil leis an Aire, na státseirbhísigh agus leis an Taoiseach faoi seo chun an fhadhb a réiteach,” dúirt sí.
“Tá aitheantas dlíthiúil ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip agus ní mór don rialtas í a chosaint.”
I ráiteas ó Oifig Phreas na hUachtaránachta atá faoi choimirce na Roinne Gnóthaí Eachtracha, chosain urlabhraí an cinneadh ag cur in iúl go raibh Rialtas na hÉireann ag cloí leis an réamhshampla a leagadh síos ag rialtais eile a raibh ag reáchtáil na hUachtaránachta ina seal.
“I gcomhréir le cleachtas seanbhunaithe Uachtaránachtaí an Aontais a bhí ann roimhe seo, tá iontráil sonraí ar an ardán creidiúnaithe ar fáil i mBéarla,” dúirt urlabhraí.
“Tugadh faoin gcleachtas sin le linn Uachtaránacht reatha na Cipire ar an Aontas agus le linn Uachtaránacht na Danmhairge ar an Aontas le déanaí.
“Mar sin féin, maidir le creidiúnú, rinne Uachtaránacht na hÉireann iarracht a chinntiú gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh na suaitheantais rochtana atá le caitheamh ag toscairí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus ag na meáin le linn ár nUachtaránachta ar an AE.”
Tá suíomh idirlín na hUachtaránachta ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincís agus i dteangacha eile le cabhair ó mheasín aistriúcháin Screenshot
Screenshot
Mhínigh an urlabhraí go raibh “suíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann ar an AE ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincís.”
Tá suíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann ar an AE ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincís agus feidhmíonn sé mar an chéad phríomhfhoinse eolais agus teagmhála d’aon duine atá ag lorg eolais faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tá an suíomh gréasáin beo ón 10 Meitheamh ar aghaidh.
“Feidhmíonn sé mar an chéad phríomhfhoinse eolais agus teagmhála d’aon duine atá ag lorg eolais faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh,” dúirt an urlabhraí.
“Beidh an Ghaeilge mar chuid de chlár Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Beidh imeachtaí áirithe á n-óstáil i nGaeilge, agus déanfar ionadaíocht ar an nGaeilge, ar na healaíona, ar an litríocht agus ar an gceol sa Chlár Cultúrtha, agus úsáidfear an Ghaeilge ag cruinnithe an Aontais, agus i gcumarsáid le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE.”
Dúirt an urlabhraí freisin gur rinne Uachtaránacht na hÉireann iarracht a chinntiú “gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh na suaitheantais rochtana atá le caitheamh ag toscairí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus ag na meáin le linn ár nUachtaránachta ar an AE.”
Thug Conradh na Gaeilge suntas don iarracht atá déanta ag Uachtaránacht na hÉireann an Ghaeilge a bheith lárnach san Uachtaránacht ach léirigh bainisteoir abhcóideachta an Chonartha, John Prendergast, míshástacht faoin easnamh.
“Tá sé díomách go cinnte nach bhfuil an clárúchán ar fáil do dhaoine as Gaeilge agus daoine ag iarraidh creidiúnú a fháil le linn na hUachtaránachta.”
Cheistigh sé freisin cé acu an raibh an easnamh seo ag cloí le dualgas ranna Rialtais foirmeacha a chur ar fáil as Gaeilge chomh maith le Béarla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
De réir Alt 9 (d) san Acht sin, foráiltear gur féidir leis an Aire “a fhorordú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla an chomhlachta phoiblí agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le comhlachtaí poiblí éagsúla nó le foirmeacha oifigiúla éagsúla.”
Dúirt Prendergast, áfach, go raibh a fhios aige go raibh treoirlínte le héisiúin…
Read the full article at TheJournal.ie →